Feách ar an obair ó 2012-2013 | ||
An Samhradh sa Ghaelscoil An Cheád Chomaoineach 2013
Arís buíochas le Teddy Ó Caoimh a rinne an DVD seo.
**** Lá Fhéile Pádraig 2013 Nasc le YOU TUBE i gcomhair Físeán de Lá Fhéile Pádraig 2013. ( Míle buíochas leis an dtuismitheoir a rinne an físeán seo.)
**** Comórtas Ealaíne sa Ghaelscoil
Winners from Naionáin - Rang 2
Winners from Rang 3 - Rang 6
Maighnéadas- Féach orainn ag déanamh tástáil, ag greamú airgead, |
||
Seo iad na Naíonáin Bheaga- Múinteoir Donna ag cócaireacht sa chistin. Rinneamar Rice Krispie buns, bhíodar an-blasta. Féach táimid clúdaithe |
||
Artwork in the first term/Ealaín sa chéad téarma | ||
|
|
|
Rang 4 ag deanamh ealaín agus ceardaíocht na Nollag
|
Ceolchoirm na Nollag - cúpla "cool dudes" here !
Peil Astrálach agus Spikeball sa Ghaelscoil, Rang 3-Rang6
Bua Stairiúil ag Gaelscoil Thomáis Dáibhís san iománaíocht – Roinn A2
Ba lá stairiúil é i stair na Gaelscoile ar an 13ú de Mheitheamh, 2012, nuair a bhuaigh foireann la Gaelscoile an comórtas seo don chéad uair riamh. Bhí an bua seo ag teacht le fada an lá. Le roinnt blianta anuas, bhí Gaelscoil Thomáis Dáibhís san iomaíocht sa chomórtas seo agus bhí cluiche cheannais nó dhó caillte acu san am san.
Ach ní tharlódh a leithéad an babhta seo. Ba bheag aird a thóg leaideanna na gaelscoile ar an stair nuair a thugadar don pháirc i gcoinne Scoil Naomh Padraig.
Bhí an comharc cothrom go leor sa chéad leath . Bhí cabhair na gaoithe ag Scoil naomh Padraig agus is iad a bhí chun tosaigh ag leathama.
Ach le linn an chomórtais seo ar fad, bhí se de nós ag an nGaelscoil an lámh in uachtar a d’fhailt sa tarna leath. Sé seo a thit amach arís agus laistigh de chúig noimeat bhí trí chul den scoth scóráilte ag an lán tosach, agus laoch na h-imeartha , Eoin Ó Murchú. Níorbh fhéidir le cosantóirí Naomh Pádraig cosc a chur ar Eoin agus chríochnaigh sé le scór pearsanta de ocht gcul agus roinnt cúilíní.
Ach gan amhras, bhí imreoirí eile, nach é, a chabhraigh chomh maith céanna. Ina measc siúd, bhí Maitiú Mag Fhloinn agus Oisín Ó Muineacháin i lár na páirce, Liam Ó Ceileachair, Stiofáin Ó Duffaigh, Peadar ÓhAonghusa, Lucás Ó Síocháin, Tomás Ó hIcí, Óisín Ó Cearruil, Pádraig Ó Briain , Dylan O hEarcáin, Jason Mac Ardghail agus go leor eile. Tháinig roinnt ionadaithe ar an bpáirc roimh dheireadh an chluiche, leaideanna óga a bhfurmhór acu agus is cinnte go mbeidh Gaelscoil Thomáis sa tóir ar thuilleadh coirn amach anseo le imreoirí óga ar nós Peadar Mag Fhloinn,Adam Ó Mathúna, Pádraig Mac Cárthaigh, Micheál Ó Ceallacháin, Seán Ó Caoimh, Peadar Ruby, Aodhán Ó Boilstéir, Aaron Ó Boilstéir.
Ag glacadh leis an gcorn, do ghabh Eoin buíochas leis an bpainéal ar fad, na traenálaithe, múinteoir Micheál agus múinteoir Conchubhair agus leis an bhfoireann ó Scoil Naomh Pádraig. Bhí lucht leanúna mór ann ón nGaelscoil agus thugadar an tacaíocht don bhfoireann le linn an chluiche. Lig slua mór béic mór graí astu nuair a d’ardaigh Eoin an choirn.
Bhí ceiliúradh mór i Mc Donalds i ndiaidh an chluiche agus bronnadh boinn ar na h-imreoirí ar fad ag Tionol Deireadh na Bliana ar an 19ú Meitheamh.
Ag seinnt leis an mbanna cheoil |
Seachtain na Gaeilge Is breá linn a bheith ag déanamh ceoil, ag canadh agus ag rince. Chuaigh an banna ceoil ag bailiú airgid i gcomhair carthanacht aimsir na Nollag. Bhí an t-am acu. Is é múinteoir Conchubhair a bhíonn ag stiúriú an banna ceoil. Bíonn gach saghas uirlis á sheinnt - bosca ceoil, an fheadóg stáin, an bodhrán, an veidhlín, an gíotar, an bainseó, an fheadóg mhór agus an maindilín. Bíonn céilí againn gach bliain le linn Seachtain na Gaeilge agus is iontach an spraoi agus an craic a bhíonn ann. Bhí an t-ádh linn chomh maith i mbliana gur tháinig Aoife Granville chugainn i gcóir ceardlann ceoil traidisiúnta. Sheinneamar léi.
Tháinig Liam Ó Conchubhair an ceoltóir cáiliúil ar chuairt chugainn anuraidh maraon lena mhac agus a hiníon. Bhaineamar lán taitneamh as an lá - sheinneamar leis agus fuaireamar cuireadh uaidh seinnt leis arís i Springfort Hall níos déanaí sa bhliain.
|